
Scéilín Grá - A Love Story
|
|
Rest mouse arrow on Irish word and phonetics and translation will pop up |
|
|
Bhí fear ann i gcathair mhór agus post an- tábhachtach aige.
Bhí sé saibhir agus bhí meas an- mhór air.
Bhí Lá Nollag ag teacht go luath ach bhí an fear ró - gnóthach chun
a thabhairt faoi deara. Cuireadh soilse geala suas ar fud
na cathrach agus seinneadh carúil sna sráideanna agus sna siopaí.
I bhfhuinneogaí na siopaí bhí bréagáin agus éadaí nua agus a lán
earraí eile ach ni raibh baint ar leith ag na rudaí leisean. |
There was a man in a big city and he had a very important job.
He was rich and greatly respected. Christmas Day was coming soon,
but the man was too busy to notice. Bright lights were put up all
through the city and carols were sung in the streets and in the
shops. In the shop windows were toys and new clothes and a lot of
other things, but they didn’t affect him in the least. |
|
|
Bhí páiste amháin ag an fhear seo – buachaill beag thart fá sé
bliana d ’ aois. Bhí an buachaill tógtha leis na laetheanta saoire.
Ba bhreá leis cuidiú a thabhairt do mháthair na maisiúcháin a chur
suas sa teach agus na bronntanais a chuachadh. |
This man had one child – a little boy about six years old. The boy
was very excited about the holidays. He loved to help his mother
put decorations up in the house and to wrap presents. |
|
|
Oíche Nollag tháinig a athair abhaile tuirseach confach ón mhéid
oibre a bhí déanta aige. Thug sé faoi deara go raibh a mhac ag
fuaidreamh ar cheann de na bronntanais faoin chrann Nollag, bosca
beag cuachta i pháipéir órbhuí. In ard a chinn dúirt sé lena mhac
gan bacadh leis an bronntanas sin. Stad an buachaill agus thit deoir
gheal óna shúil agus é ag amharc go brónach ar a athair. Maidin lá arna mhárach, Lá Nollag, d ’ fhoscail an teaghlach na bronntanais amach. Faoi dheireadh bhí aon bhronntanas amháin fágtha faoin chrann Nollag. Thóg an bhuachaill é agus thug sé do athair é. Ba é an bosca beag órbhuí. D ’ amharc an fear ar an bhosca geal. "Cad é seo, a stór?," d ’ fhiafraigh sé do mhac. "Bosca lán póg agus barróg duit, a dhaidí," arsa a mhac agus chuir sé a lámh i láimh a athair. ón lá sin go dtí an lá inniú, ar dheasc an fhir, tá bosca beag órbhuí ina shuí ag meabhrú dó faoin rud is tábhachtaí sa domhan... Grá. |
His father came home on Christmas Eve tired and cross from the great amount of work he had done. He noticed that his son was fussing with one of the presents under the Christmas tree, a little box wrapped in golden paper. At the top of his voice, he told his son not to mess with that present. The boy stopped and a bright tear fell from his eye as he looked sorrowfully at his father. The next morning, Christmas Day, the family opened the presents. Finally, there was only one present left under the Christmas tree. The boy picked it up and gave it to his father. It was the little golden box. The man looked at the bright box. "What’s this, love?," he asked his son. A box full of kisses and hugs for you, Daddy," said his son, putting his hand in his father’s hand. From that day to this, a little golden box sits on the man’s desk, reminding him that the most important thing in the world is love. |
|
Courtesy of Jack & Vivian, IrishPage.com Feb, 14, 2008 Replay backgrond music: A Child of Dreamland... sequenced by Barry Taylor. Foghraiocht ó Seán Ó hAonaghasa ![]() Filleadh go clár scéalta Click icon above to go back to story index |