Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad dé sin don té sin nach mbaineann sin dó
|
I went to the fair and I sold my cow
For five pounds of silver and a golden guinnea
If I drink the money and if I spend the gold
Oh what does that matter to anyone?
|
Má théim
na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró
A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó
Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad dé sin don té sin nach mbaineann sin dó
|
If I go to the thick woods to gather berries or nuts
Take apples from the branches or become a cowherd
If I stretch out under a tree for an hour to do it
Oh what does that matter to anyone?
|
Má théimse
chuig airnéal is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí s gach cruinniú den tsórt
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo
Ó cad dé sin don té sin nach mbaineann sin dó
|
If I go to night-visiting and dance and have fun
To a fair and races and everything like that
If I see tipsy people and if Im tipsy with them
Oh what does that matter to anyone?
|
Deir daoine go bhfuil mé gan rath s gan dóigh
Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór
Má tá mise sásta mó chónaí i gcró
Ó cad dé sin don té sin nach mbaineann sin dó
|
People say that Im good for nothing and a wastrel
Without goods without clothes without kith or kine
If Im happy with living in a shack
Oh what does that matter to anyone?
|
Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad dé sin don té sin nach mbaineann sin dó
Nach mbaineann sin dó...srl.
|
I went to the fair and I sold my cow
For five pounds of silver and a golden guinnea
If I drink the money and if I spend the gold
Oh what does that matter to anyone?
|